|
MUINTIR AN IARTHAIR (Fonn: Eoghan Cóir) Conchúr Mag Uidhir, dochtúir leighis, a d’aistrigh an t-amhrán bríomhar úd "The Men of the West" le Liam Ó Maolruanaidh. Bhuaigh sé duais ag Feis Mahaigh Eo, 1903. Má mholtar le scéal is le hamhrán, Na fir a bhí tréan agus fíor, Chuir clú agus cáil lena ndánacht Ar ghleann agus sruthán ‘s sliabh. Ná fágaig’ ar deireadh na tréan-fhir Do chruinnigh ar plánaí Mhaigh Eo, Nuair a ghnóthaigh na Gaill i Loch Garman Siad muintir an Iarthair ‘bhí beo! Seo sláinte na bhfear as an Iarthat díbh, Do chruinnigh le cúnamh san ár! Sheas siad in aimsir an ghéar-chaill Seo sláinte fear Chonnacht go bráth! Tháinig na longa lá Fómhair, Go cuan Chill Ala ag snámh, ‘S bhíomar chomh fada ag súil leo Gur shíleamar nach dtiocfadh go bráth. Agus thosaigh na hadharca ag séideadh, Agus thosaigh na hadharca ag séideadh, Ag fógairt go raigh siad ar fáil, Agus corraíodh spreacadh in Éirinn Nach múchfar i gConnacht go brath! Níor bhuail sé an dó dhéag san oíche Gur ghlan’mar Cill Ala go breá: ‘S ní dheachaidh an ghrian síos ‘na dhiadh sin Go raibh brat glas ar chúirt Bhéal an Átha. Chruinnigh na céadta le cúnamh, Agus mairfidh an scéal sin go buan; An chaoi ‘raibh na redcoats á ruaigeadh As Caisleán an Bharraigh go Tuaim. Agus goirim na Francaigh bhreá’ láidre Do tháinig le Humbert anall, Mar thug siad dúinn croí agus misneach Nuair a bhíomar go brónach sa ngábh! Agus trócaire Dé ar na céadta Do thit ‘s do leagadh san ár, Tá a gcnámha faoi fhód glas na hÉireann Agus cuimhneoimid orthu go brách! Má caitheadh le fána ár smaointe, ‘S ár ndóchas faoi scrios agus léan, Tá an fíor-spiorad beo inár gcroíthe Nach ngéillfidh don námhaid go héag! Agus féach" Táimid réidh ar an nóiméad A chluinfimid torann an áir Ag fógairt ar chlanna na hÉireann Go bhfuail saoirse ár n-oileáin ar fáil! William Rooney ("Fear na Muintire") of Dublin was the energetic organiser of the 1898 Centenary commemoration of 1798. He worked unceasingly as a writer and lecturer and, in the words of Brian Ó hUiginn he "blazed the trail to 1916 and gave his life for Ireland". He died in 1901. |